Cód dénártha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cód atá bunaithe ar chóras uimhreacha dénártha, ina bhfuil dhá ghiotán (0 is 1), ní hionann is an cód deachúlach ina bhfuil 10 ngiotán (0, 1, 2… 9). Is é buntáiste an chórais dhénártha i ríomhairí digiteacha nach gá ach dhá staid leictreonacha a úsáid — as agus ann, 0 agus 1—i gcomhair gach uimhir dhénártha is féidir. Baineann ríomhairí digiteacha feidhm as cóid éagsúla chun uimhreacha, litreacha is carachtair eile a léiriú.[1]