Cóir teasa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Comhpháirt mhiotalach a chur trí thimthriall téite is fuaraithe chun a struchtúr criostalta inmheánach a athrú agus airíonna inmhianaithe fisiciúla is meicniúla a fhorbairt inti. Tagann foirm is ráta na n-athruithe teochta go mór san áireamh. Mar shampla, nuair a mhúchtar cóimhiotal te go tapa (trí é a shá go tapa in uisce nó ola fuar), seans maith go gcoinneofar, cuid mhaith, an struchtúr criostalta nó an comhdhéanamh ceimiceach a bhí ann ag an teocht ard.[1]