![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/36/Camilo_Jos%25C3%25A9_Cela._Fototeca._Biblioteca_Virtual_del_Patrimonio_Bibliogr%25C3%25A1fico.jpg/640px-Camilo_Jos%25C3%25A9_Cela._Fototeca._Biblioteca_Virtual_del_Patrimonio_Bibliogr%25C3%25A1fico.jpg&w=640&q=50)
Camilo José Cela
úrscéalaí Spáinneach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Spáinneach ab ea Camilo José de Cela y Trulock (1916 – 2002). Do rugadh é ar an 11ú lá de Bhealtaine in Iria Flavia, suite gar do Phadrón sa Ghailís na Spáinne, agus do fuair sé bás ar an 17ú lá d'Eanáir i Maidrid na Spáinne.
Do scríobh sé cuimse saothar (úrscéalta, gearrscéalta, leabhair taistil, dánta agus aistí ina measc), ach is dóigh gurb iad na húrscéalta La Familia de Pascual Duarte (1942; Gaeilge: 'Clann Phascuail Duarte') agus La colmena (1951; Gaeilge: 'An Choirceog') na saothair is iomráití dá chuid. Do bronnadh a lán duaiseanna air agus ar a chuid scríbhneoireachta, an Premio Príncipe de Asturias de las Letras (1987; Gaeilge: 'Duais Liteartha Prionsa na hAstúire') agus an Premio Cervantes (1995; Gaeilge: 'Duais Chervantes') ar chinn acu. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1989.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |