Tharla Cath Eachroma le linn Chogadh an Dá Rí (nó Cogadh Rí Liam) ar an 12 Iúil 1691. Maraíodh suas le seacht míle duine ann in aon tráthnóna amháin. Ina measc siúd bhí tuairim is 2,000 de lucht tacaíocht Ri Liam, mar aon leis na mílte de lucht tacaíochta Rí Shéamais. Ba chath cinniúnach é, mar is de bharr an chatha seo a rinneadh Conradh Luimnigh agus a tharla a lán eile ina dhiaidh---na Péindlíthe agus riar na hÉireann idir 1691 agus 1922.
Tuilleadh eolais Cros chuimhneacháin ar Armhá Eachroma ...
Cath Eachroma |
Cuid de Chogadh an Dá Rí |
Cros chuimhneacháin ar Armhá Eachroma |
Dáta: |
12 Iúil 1691 |
Áit: |
Is gaire, Eachroim, in iarthar na hÉireann |
Toradh: |
Bua Chlann Bhullaí |
Céilí comhraic |
Arm Seacaibíteach (Trúpaí Éireannacha agus Francacha) |
Arm Rí Liam (Dúitsigh, Briotanaigh, Danmhargaig agus Trúpaí na nUgóineach Francach) |
|
Ceannasaithe |
|
Slua |
|
Taismigh |
4000 básanna. 3/4000 gabháilte nó in easnamh |
3000 |
|
† Fuair bás sa choimhlint |
Dún
Is reilig mhór í Ármhá Eachroma ach ar chúiseanna éagsúla is beag athrú a rinneadh ar an bpáirc go dtí le fíorghairid. Sa bhliain 1970 chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe bóthar mór trí lár na páirce catha. Anois tá ollbhóthar Bhéal Átha Slua go Gaillimh le bheith díreach in aice na páirce agus í ag dul trasna cuid bheag di.