Cath tábhachtach ab ea Cath an tSléibhe Bháin (Seicis: Bitva na Bílé hoře; Gearmáinis: Schlacht am Weißen Berg) a troideadh go luath le linn Chogadh na dTríocha Bliain.
Ar an 8 Samhain 1620, d'éirigh arm Boihéamach de 15,000 saighdiúir agus amhais faoi Christian von Anhalt
amach in aghaidh 27,000 saighdiúir d’airm chomhcheangailte Ferdinand II, Impire Naofa Rómhánach faoi stiúir Charles-Bonaventure de Longueval, Cunta de Bucquoy agus Léig Ghearmánach na gCaitliceach. faoi Johan t'Serclaes Graaf van Tilly, ag Bílá Hora ("an tSliabh Bán") in aice le Prág. Tá an suíomh anois mar chuid de chathair Phrág.