Celtic Football Club
club sacair i nGlaschú / From Wikipedia, the free encyclopedia
Club sacair is ea Celtic Football Club (tugtar Glasgow Celtic nó Celtic orthu go minic, agus Ceiltigh Ghlaschú as Gaeilge) atá lonnaithe i nGlaschú in Albain. Imríonn siad a gcluichí sa staid Celtic Park i bParkhead. Bhunaigh bráthair Máireach Éireannach, Bráthair Walfrid, an club ar 6 Samhain 1887 chun airgead a bhailiú ó theacht isteach na gcluichí chun béilte a chur ar fáil do bhochtáin oirthear Ghlaschú, áit a raibh mórán Éireannach bailithe tar éis blianta an Ghorta Mhóir. Lean Brother Walfrid sampla Hibernians a bunaíodh i nDún Éideann ó inimircigh Éireannacha cúpla bliain roimhe sin. D'imir siad an chéad chluiche i gcoinne Rangers ar an 28 Bealtaine 1888 agus bhuaigh Celtic 5-2. Ba é sin tús an iomaíocht idir an dá fhoireann ó Ghlaschú, ar a dtugtar an Old Firm. Ba é Celtic an chéad chlub Briotanach agus, mar dhea, an chéad chlub ó thuaisceart na hEorpa a ghnóthaigh Corn na hEorpa, sa bhliain 1967, le foireann a rugadh go huile is go hiomlán níos lú ná 30 míle ó Ghlaschú.Idir 1905 agus 1910, bhuaigh Celtic Craobh Shraith na hAlban sé huaire as a chéile. Bhuaigh siad Corn na hAlban sna blianta 1907 agus 1908, an chéad uair riamh a bhuaigh club Albanach an dúbailte
The Celtic Football Club | |||||
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Leasainm | 'The Bhoys', 'The Hoops', 'The Celts', 'The Tims' | ||||
Cineál | club sacair gnó cuideachta phoiblí ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1888 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | sacar ![]() | ||||
Sraith spóirt | Scottish Premiership | ||||
Ionad baile | Páirc na gCeilteach: Cathair Ghlaschú (1888–1892) Páirc na gCeilteach: Cathair Ghlaschú (1892–). 60,355 ![]() ![]() | ||||
Stocmhalartán | (LSE CCP) ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | ![]() | ||||
Príomhchóitseálaí | ![]() | ||||
Úinéir | Dermot Desmond (en) ![]() Lindsell Train (en) ![]() ![]() | ||||
Úinéir de | |||||
Eile | |||||
Dath | glas, bán | ||||
Trealamh spóirt | |||||
| |||||
Suíomh gréasáin | celticfc.com ![]() | ||||