Druga tábhachtach i gcóireáil duine le hailse. Baineann sí le clann drugaí a dtugtar mustaird nítrigine orthu, a díorthaíodh ó ghás mustaird a úsáideadh go forleathan mar arm sa chéad chogadh domhanda. Is oibreáin ailcilithe iad na mustaird seo a fheidhmíonn trí nascadh leis an DNA sna cealla chun cosc a chur ar a dheighilt. Is í cioglafosfaimíd an mustard nítrigine is mó a úsáidtear, ach tarlaíonn fo-iarsmaí diana lena húsáid, ina measc masmas, urlacan, cailliúnt gruaige, agus is féidir go n-éireoidh an t-othar frithsheasmhach i gcoinne a ghníomhú frithailse. Mar sin, úsáidtear i manglam drugaí í de ghnáth chun na hiarmhairtí teiripeacha a mhéadú is a drochiarmhairtí a laghdú.[1]