From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é a bhí i gceist le Ciúbachas ná gluaiseacht phéintéireachta de chuid na Fraince a thosaigh go gairid tar éis bhás Paul Cézanne i 1906 agus ar a raibh buaicphointe idir na blianta 1906 – 1914. Ba thúsphointe ag an gCiúbachas moladh Cézanne do pheintéir óg féachaint ar an dúlra i dtéarmaí sféar, cón agus sorcóirí.
Tá tionchar Cézanne le feiceáil ar dtús ar shaothar Pablo Picasso (1881-1973) agus Georges Braque (1882–1963) a d'oibrigh le chéile chun an córas nua a bhunú. Tá an tionchar céanna le feiceáil freisin níos deireanaí ar ealaíontóirí eile ar nós Delaunay, Villon agus Gris a bhí ar imeall na gluaiseachta.
Tháinig an spéis i gcuma athraíoch dromchlaí ón Impriseanachas ach go bunúsach ba mhó riamh a bhí an Ciúbachas ina ghluaiseacht intleachtúil ná an Impriseanachas. Shíl go leor ealaíontóirí go raibh an Ciúbachas i dtiúin leis an eolaíocht agus leis an innealtóireacht agus gur ann a bhí an t-aon stíl chun timpeallacht na nua-aoise a chur i bpictiúir.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.