Collaíocht sa tSean-Róimh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Léirítear dearcaí agus iompraíochtaí collaíochtá san ealaín, sa litríocht agus sna hinscríbhinní, agus a oiread níos lú ag iarsmaí seandálaíochta mar dhéantáin earótach agus ailtireacht. Glactar go raibh “ceadúnas gnéasach neamhtheoranta” ina saintréith den tSean-Róimh.[2] Tuairimíonn Verstraete agus Provençal nach raibh seo ach léiriú Críostaí: "Ní raibh clúdach maith riamh ar ghnéasacht na Rómhánach san Iarthar ó borradh na Críostaíochta. Sna shamhlaíocht agus i gcultúr an phobail, tá sé comhchiallach le ceadúnas agus mí-úsáid ghnéasach."
Bhí gnéasacht ina rud amháin a bhfuil an mos maiorum – na noirm shóisialta thraidisiúnta a chuaigh i bhfeidhm ar an saol poiblí, príobháideach agus míleata – ag plé leis.[3] Bhí tionchar áirithe ag pudor, (náire nó measarthacht) ar iompar, mar a bhí iallach dleathach in aghaidh na cionta ar sháruithe gnéis áirithe sna tréimhsí Poblachtacha agus Impiriúla. Bhí sé de chumhacht ag na cinsirí – oifigigh phoiblí a shocraigh céim shóisialta daoine – saoránaigh a chuir amach as na aicmí seanadóir nó eachaíochta as mí-iompar gnéasach, agus uaireanta rinne siad amhlaidh.[4][5] Mheas an teoiriceoir gnéasachta ó lár an 20ú haois Michel Foucault, bhí gnéasacht ar fud an domhain Greco-Rómhánach ina ceist pléisiúr gnéis a shrianú agus a bhainistiú.[6]
Bhí ceannas ag fir sa tsochaí Rómhánach, agus taispeáineadh fearúlacht trí féinsmacht agus smacht ar dhaoine de stádas níos ísle, ní hamháin i gcúrsaí cogaí agus polaitíochta, ach freisin i caidreamh collaíocht.[7] Bhí virtus é an idéal fearúil a fhéinsmachta, ón bhfocal Laidineach ar "fear", vir. An t-idéal banúil ba é an pudicitia, geanmnaíocht ó modhúlacht, ach tréith dearfach agus iomaíoch a léirigh a tarraingteacht agus a féin-rialú.[8] Bhíothas ag súil go mbeadh oideachas maith ag mná Rómhánacha na n-ardranganna, go raibh siad láidir ó thaobh carachtar, agus go mbeadh siad gníomhach i stádas a chlanna sa tsochaí a choinneáil.[9] Ach an litríocht Laidineach ar ábhar na gcollaíochta a mhaireann, is ón guthanna Rómhánaigh fireanna oilte é, le fíorbheagán eisceachtaí. Chruthaigh daoine le stádas sóisialta níos ísle amharc-ealaín acu agus a bhfuil raon eitneachais níos mó acu, ach cuireadh in oiriúint í do bhlas na ndaoine chomh saibhre chun í a cheannaigh (sa ré Impiriúil, san áireamh roinnt iar-sclábhaithe).[10]
Bhí roinnt dearcaí agus iompraíochtaí gnéis i gcultúr ársa na Róimhe an-difriúil le iad siúd i sochaithe níos déanaí an Iarthair.[11][12] Chuir reiligiún na Róimhe gnéasacht chun cinn mar ghné den rathúnas don tír, agus uaireanta chuigh daoine i muinín draíocht chun a saol earótach nó a torthúlacht a méadaigh. Bhí an striapachas dlíthiúil, poiblí agus forleathan. Bhí pictiúir 'pornagrafacha' le feiceáil i measc na mbailiúchán ealaíne i dteaghlaigh uachtaracha measúla.[13] Measadh go raibh sé nádúrtha agus normálta go dtarraingeofaí fir go gnéasach ar dhaoine óga den dá inscní, agus ghlacfaí péidearastacht – ar an gcoinníoll gur nach Rómhánach saorbheirthe é an páirtí fireann níos óige. Ní raibh "homaighnéasach" agus "heitrighnéasach" mar phríomh-dhichotamaíocht faoi ghnéaschlaonadh, agus níl aon fhocail Laidine ann ar na coincheapa seo.[14] Níor díríodh aon cháineadh morálta ar an bhfear a bhain taitneamh as gníomhartha gnéis le mná nó fir de stádas níos lú, fad is nár sceith a iompar aon laigí ná ainriantacht, ná nár sháraigh sé cearta a bpiaraí. Cé go raibh cáineadh ar baineandacht, go háirithe i reitric pholaitiúil, níor measadh beagán gnéas le striapacha fireann nó sclábhaithe mar míchuí, nó mar rud a chuir isteach ar fearúlacht, ar chuntar go raibh an saoránach fireann sa ról ar bharr. Áfach, cáineadh hipiríogaireacht i measc fir agus mná ar bhoinn morálta agus míochaine. Coinníodh cód morálta níos déine a mhná,[15] agus níl dhoiciméadú maith déanta ar chaidrimh chomhghnéis idir mná, cé go ceiliúirtear agus díblítear gnéasacht na mná trasna an taisce litríocht Laidine. Bhí catagóirí inscne níos solúbtha ag na Rómhánaigh ná na Gréagaigh ársa.[16]
Sa dheireadh an 20ú haois, rinneadh anailís ar ghnéasacht na Róimhe mar dhichotamaíocht “treáideóir-treáite”, ach tá sé seo ró-simplí chun na léiriú gnéasachta i measc na Rómhánach a thuigeann.[17]