Comhordanáidí Cairtéiseacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa mhatamaitic, bealach a shaothraigh René Descartes chun ionad pointe a shainiú de réir a fhaid ó dhá líne dhíreacha fhosaithe is (de ghnáth) ingearacha, a dtugtar aiseanna na gcomhordanáidí orthu. Ba mhór an dul chun cinn don gheoiméadracht forbairt na geoiméadrachta anailísí ag Descartes is daoine a tháinig ina dhiaidh, agus fíoráisiúil i bhfeidhmiú an chalcalais.[1]