Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá sa Bheilg ná stát feidearálach ina bhfuil trí chomhphobal agus trí réigiún atá bunaithe ar cheithre limistéar teanga. I gcás gach ceann de na cineálacha foroinne sin, is iad na foranna le chéile an tír iomlán; is é sin le rá gurb ann d'fhorluí áirithe idir na cineálacha foroinne.
Bunaíodh na limistéir teanga le dara hAcht Gilson a tháinig i bhfeidhm an 2 Lúnasa 1963. Roinnt na tíre ina limistéir teanga, cumhdaíodh an coincheap sin i mBunreacht na Beilge in 1970. Trí athbhreithnithe bunreachtúla sna 1970idí agus 1980idí, is é an toradh a bhí ar réigiúnú an stáit aonadaigh ná cónaidhm trí shraith: cruthaíodh rialtas feidearálach agus rialtais réigiúnacha agus chomhphobail, comhréiteach a dearadh chun teannais teanga, chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíocha a íoslaghdú.