Comhphobal Mhaidrid
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhphobal féinrialaitheach é Comhphobal Mhaidrid (Spáinnis: Comunidad de Madrid) atá suite i lár na Spáinne. Tá cathair Mhaidrid suite ann, agus is í príomhchathair an chomhphobail agus na tíre go léir í.
Comhphobal Mhaidrid | |||||
---|---|---|---|---|---|
Comunidad de Madrid (es) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himno de la Comunidad de Madrid | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Maidrid | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 7,000,621 (2023) | ||||
• Dlús | 872.03 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 8,028 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Tagus, Jarama, Abhainn Guadarrama, Manzanares, Lozoya, Abhainn Henares agus Tajuña | ||||
Airde | 678 m | ||||
Pointe is airde | Peñalara (en) (2,430 m) | ||||
Pointe is ísle | Abhainn Tagus (470 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1983 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Phobal Mhaidrid | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Mhaidrid | ||||
• President of the Community of Madrid (en) | Isabel Díaz Ayuso (2019–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-MD | ||||
Cód NUTS | ES30 | ||||
INE municipality code (en) | 28 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | madrid.org |
Tá teorainn aici leis na comhphobail Castilla y León (na cúigí Ávila agus Segovia) agus Castilla-La Mancha (na cúigí Guadalajara, Cuenca, agus Toledo).
Tá cónaí ar dhuine as gach beirt de mhuintir an chomhphobail i Maidrid, ach thairis sin, tá bailte tábhachtacha eile ansin, ar nós Alcalá de Henares, Torrejón de Ardoz, Coslada, Getafe, Móstoles, San Lorenzo de El Escorial, Navalcarnero agus Aranjuez. Tá 179 bardais sa chomhphobal.
Nuair a bhí Francisco Franco i gceannas ar an Spáinn, glacadh leis gur cuid den Chaistíl a bhí i Maidrid, ach nuair a tháinig córas nua na gcomhphobal féinrialaitheach i bhfeidhm, rinneadh comhphobal ann féin de Mhaidrid, ós rud é go raibh Maidrid agus an chuid eile den Chaistíl-La Mancha an-difriúil le chéile ó thaobh na heacnamaíochta de.