Corp an duine
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é corp an duine nó an cholainn dhaonna an t-ábhar riachtanach aiceanta a chomhdhéanann duine aonair, i gcodarsnacht leis an anam, an phearsantacht nó an iompar.
Fíricí Gasta Sonraí, Laidin ...
Sonraí | |
---|---|
Laidin | corpus humanum |
Aitheantóirí | |
MeSH | D018594 |
TA | A01.0.00.000 |
FMA | 20394 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/human-body |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Dún
Déantar tagairt don corp go minic nuair atá cuma, sláinte agus bás i dtreis. Tugtar marbhán ar chorp duine marbh. Tugtar conablach ar corp ainmhí marbh.
Tá corp an duine comhdhéanta as an gceann, an muineál, an chabhail, dhá ghéag, dhá chois agus an bhléin - atá éagsúil i bhfir agus mná. I ndaoine fásta, tá níos mó ná deich trilliún cill sa chorp. Bailíonn cillí le chéile chun fíochán a chruthú, agus ansin déantar orgáin astu. Tugtar córais orgán ar ghrúpa orgán atá ag obair le chéile.
Is í an anatamaíocht staidéar an choirp.