Crómatagrafaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Crómatagrafaíocht is ea an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar theicníc deighilte ina mbogtar pas silteach (soghluaiste) atá ag iompar cumaisc le pas ionsúiteach roghnach seasta. Tá roinnt cineálacha éagsúla crómatagrafaíochta ann, a bhfuil difríocht eatarthu sa phas silteach nó sa phas seasta a úsáidtear. I gcrómatagrafaíocht pháipéir is tuaslagóir é an pas silteach agus is céim sheasta é an t-uisce atá coinnithe i snáithíní an pháipéir chrómatagrafaíochta. I gcrómatagrafaíocht cholúin is tuaslagóir é an pas silteach arís agus is soladach míndeighilte, amhail glóthach shilice nó alúmana, é an pas seasta. I gcrómatagrafaíocht chaolchisil, is tuaslagóir é an pas silteach freisin agus is caolchiseal solaid mhíndeighilte, amhail glóthach shilice nó alúmana, atá tacaithe ar ghloine nó ar alúmanam é an pas seasta.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d4/Chromatography_of_chlorophyll_-_Step_7.jpg/150px-Chromatography_of_chlorophyll_-_Step_7.jpg)
Tá feistí eastósctha pas soladaigh ina bhfoirmeacha neamhchostasacha de chrómatagrafaíocht cholúin a cheadaíonn do dheighiltí an-ghasta ábhar.
Bíonn an chrómatagrafaíocht chaolchisil úsáideach go háirithe in obair fhóiréinseach, mar shampla, i ndeighilt na ruaimeanna ó shnáithíní.
Is teicnící crómatagrafaíochta níos forbartha iad an chrómatagrafaíocht gháis agus an chrómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochtaBíonn an chrómatagrafaíocht gháis agus an chrómatagrafaíocht leachta.[1]