Craobh Shinsear Iomána na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Príomhchomórtas iomána in Éirinn é Craobh Shinsear Iomána na hÉireann (Béarla: All-Ireland Senior Hurling Championship). Comórtas bliantúil atá ann, agus eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael é. Imrítear na cluichí le linn an tsamhraidh, agus bhíodh an cluiche ceannais i gcónaí i mí Mheán Fómhair (ar an gcéad nó an dara Domhnach sa mhí) i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath. Bogadh go Lúnasa agus Mí Iúil é ina dhiaidh sin. An duais atá i gceist ná Corn Liam Mhic Chárthaigh.
Cineál | comórtas spóirt agus comórtas |
---|---|
Spórt | iomáint |
Eagraí | Cumann Lúthchleas Gael |
Áit agus dáta | |
Tír | Éire |
Dátaí | 1887 – |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh | gaa.ie… |
Tá na sárchumhachtaí lonnaithe don chuid is mó i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan, mar shampla Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann. Tá 85 bua ag na contaetha seo le chéile sa chomórtas. Faoi láthair, is iad foireann Chill Chainnigh an fhoireann is rathúla, le aon bhua agus tríocha. Níl an "ceithre as a chéile" déanta ach ag dhá fhoireann - Corcaigh sna 1940idí agus Cill Chainnigh sna 2000idí. Bhí an bua ag an gClár sa bhliain 2013.