Criostóir Ó Rinn
iománaí Éireannach a d'imir le foireann Chorcaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Iománaí Éireannach ab ea Nioclás Criostóir Ó Rinn (Béarla: Nicholas Christopher Ring), nó Christy Ring mar ab fhearr aithne air (12 Nollaig 1920 - 2 Márta 1979). B'fhear spóirt cáiliúil é in Éirinn agus é ina iománaí den chéad scoth a d'imir le foireann Chorcaí sna daichidí, sna caogaidí agus sna seascaidí. Ceapann a lán daoine gurb é Criostóir Ó Rinn an t-iománaí is fearr riamh.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 12 Deireadh Fómhair 1920 Cluain, Éire | ||||||||||||||||
Bás | 2 Márta 1979 58 bliana d'aois Corcaigh, Éire | ||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | iománaí | ||||||||||||||||
Spórt | iomáint | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
|
Baisteadh Nicholas Christopher air i gCluain, Contae Chorcaí. Le linn an ama a bhí sé ag imirt iománaíochta, shaothraigh sé curiarracht ocht gCraobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, 1941, 1942, 1943, 1944, 1946, 1952, 1953 is 1954. D'imir sé iománaíocht leis an gclub Fánaithe an Ghleanna i gcathair Chorcaí.
Fuair sé bás go tobann ar an 2 Márta 1979.
Tá an corn iománaíochta Corn Uí Rinn ainmnithe in ómós dó.