![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a6/Circus_approximans_-New_Zealand-8.jpg/640px-Circus_approximans_-New_Zealand-8.jpg&w=640&q=50)
Cromán móna
From Wikipedia, the free encyclopedia
Seabhac a fhaightear ar fud an tSeandomhain is ea an cromán móna (Béarla: marsh harrier).[1][2] An cholainn donn, an ceann níos mílíthí, an t-eireaball liath. Áitríonn sé riasca (talamh féaraigh san Astraláise, uaireanta). Itheann sé froig is ainmhithe beaga eile, agus neadaíonn i measc na ngiolcach.[3]
Circus ![]() | |
---|---|
![]() Circus approximans ![]() | |
Taifead | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Accipitriformes |
Fine | Accipitridae |
Géineas | Circus ![]() |
Go dtí le gairid, níor aithníodh ach dhá speiceas: an cromán móna iartharach (Circus aeruginosus) agus an cromán móna Afracach (C. ranivorus). Anois, roinntear iad i suas le sé cinn de speicis: an cromán móna iartharach (Circus aeruginosus), an cromán móna oirthearach (C. spilonotus), an cromán móna Papuach (C. spilonotus spilothorax nó C. spilothorax), an cromán móna seascainn (C. approximans), cromán móna Réunion (C. maillardi maillardi nó C. maillardi) agus cromán móna Madagascar (C. maillardi macrosceles nó C. macrosceles). Is é seo sé cinn as na 16 speiceas sa ghéineas Circus, agus dá bharr sin, ní grúpa tacsanomaíochta iad na cromáin mhóna.