![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/32/Acanthis_cabaret_1_East_Chevington.jpg/640px-Acanthis_cabaret_1_East_Chevington.jpg&w=640&q=50)
Deargéadan beag
speiceas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éan beag pasaireach é an deargéadan beag, Carduelis cabaret (Béarla: lesser redpoll). Is baill den ghéineas Carduelis (na deargéadain) iad i bhfine na nglasán, Fringillidae. Is é seo an ceann is lú, is doinne agus is stríocaí de na deargéagain. Is minic a rangaítear é mar fhospeiceas den deargéadan coiteann, Carduelis flammea, ach scoilt roinnt údarás – Aontas na nÉaneolaithe Briotanach (British Ornithologists’ Union) ina measc - ón speiceas sin é. Is minic a bheadh Dearéadan (Coiteann) ar an éan seo sa Ghaeilge ar aon chaoi, is dócha. Is éan dúchasach don Eoraip é an Deargéadan Beag agus tugadh isteach go dtí an Nua-Shéalainn é. Déanann a lán de na héin seo imirce go háiteanna níos faide ó dheas le linn an gheimhridh, ach mar gheall ar an gclíoma cineálta, faightear iad ó cheann ceann na bliana sa chuid is mó dá raon gnáthaithe. Ina theannta sin, faightear é in éineacht leis an dá speiceas eile de dheargéadain sa gheimhreadh.
Acanthis cabaret ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Fringillidae |
Géineas | Acanthis |
Speiceas | Acanthis cabaret ![]() |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | |
Léarscáil de raon an tacsóin | |