Fótagraiméadracht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Úsáid taifead fótagrafach chun tomhais chruinne a dhéanamh ar fheiniméin is ea fótagraiméadracht.[1] Cuirtear i bhfeidhm í i ndéanamh léarscáileanna trí shuirbhéireacht aerga den chuid is mó, ach baintear feidhm as i gcásanna sa mhíochaine, an dlí-eolaíocht agus an ailtireacht freisin, nuair is féidir eangach thoimhseach a chur san áireamh nó a fhorshuí.[2]