Mianach scéil ón nGearmáin is ea an miotas faoi Faust. Tá an mianach scéil seo bunaithe ar fhíor-dhuine stairiúil, fear darbh ainm Johann Faust, agus é beo sna blianta 1480-1541, a bheag nó a mhór. Astralaí, misteach agus rúndiamhróir taistil a bhí ann, agus bhí sé ina scéal i mbéal na ndaoine go raibh conradh de chineál éigin socraithe aige leis an diabhal. I ndiaidh a shaoil, níor coinníodh ach mearchuimhne air a d'iompaigh ina miotas faoi fhear a bhí chomh fiosrach is gur dhíol sé a anam leis an diabhal le fáil amach faoi rúndiamhrachtaí na hollchruinne.

Thumb
Faust in eitseáil le Rembrandt.

Is iomaí sin casadh a baineadh as scéal Faust i rith na mblianta, ach is é dráma millteanach Johann Wolfgang von Goethe an leagan is tábhachtaí. D'athraigh Goethe an tuiscint ar charachtar Faust go mór, nó is é an chiall a bhain sé féin as ná gurbh é Faust an fear Renaissance a bhí tar éis é féin a shaoradh ó bhráca na hEaglaise. Leagan tábhachtach eile is ea Doktor Faustus, an t-úrscéal le Thomas Mann, a shuíonn scéal Faust i saol an Naitsíochais.

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.