Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is Frithsheasmhacht i gcoinne Antaibheathach nó Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh (FÁF)[1] ann ná an tslí gur féidir le baictéir agus miocróib cur i gcoinne éifeacht na n-antaibheatach. Táthar den tuairim go bhfuil bagairt ann nach mbeidh aon éifeacht ag cuid de na hantaibheathaigh i gcúpla bliain. Tugann taighde le fios go mbeidh FÁF an tsiocair bháis is mó ag daoine faoi 2050 sa Ríocht Aontaithe, rud a chiallaíonn gur bagairt níos tromchúisí ná an ailse í.[2]
Is beag cineál antaibheathach a rinneadh fionnachtain air le tamall de bhlianta anois i ngeall ar an gcostas a bhaineann leis is cuireann seo leis an bhfadhb.
Timpeall na cruinne, faigheann thart ar 700,000 duine bás gach bliain de bharr frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh. Faoin mbliain 2050, tá imní ann go mbeidh níos mó daoine ag fáil bháis de bharr na frithsheasmhachta seo ná le hailse