![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/17/Various_grains_edit2.jpg/640px-Various_grains_edit2.jpg&w=640&q=50)
Gránbharr
féir a sholáthraíonn príomhbhianna don chuid is mó den domhan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Féir a iompraíonn gráinní a sholáthraíonn príomhbhianna don chuid is mó de phobal an Domhain. Is mó go mór na gráinní uathu ná ó na speicis eile féir, sinsir fhiáine na ngránbharr ina measc, agus cuimsíonn siad a lán próitéiní is carbaihiodráití. 8 bpríomhghránbharr atá ann: rís, cruithneacht, coirce, eorna, seagal, sorgum, muiléad, agus arbhar Indiach. Tá roinnt eile a fhástar faoi chúinsí nach mbíonn fabhrach do na príomhchineálacha. Díorthaíodh iad uile ó speicis fhiáine, agus ba chéim chinniúnach i stair an duine a gceansú, rud a rinneadh timpeall 10,000 bliain ó shin i gcás na ríse is na cruithneachta. Tháinig slite beatha níos socaire chun cinn ná mar a bhíodh nuair ba ghá na gráinní fiáine a bhailiú. Thosaigh feirmeoireacht, sochaithe, agus sibhialtachtaí a bhí bunaithe ar ghránbharra. Saothraíodh is feabhsaíodh póir na ngránbharr freisin, ionas gur fíorchasta a bhforbairt anois, le póir ar leith d'aeráidí éagsúla, agus póir le friotaíocht láidir i gcoinne galar.[1]
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Gastranómachais | cereals and pseudocereals (en) ![]() |
Táirgeoir | Poaceae |
Sonraí | |
Cineál | grán, amhábhar agus comhábhar bia |