![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e4/Lacy_arms.svg/langga-640px-Lacy_arms.svg.png&w=640&q=50)
Hugh de Lacy, 1ú Iarla Uladh
(1176-1242) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Saighdiúir agus piara Angla-Normannach ab ea Hugh de Lacy, 1ú Iarla Uladh (c. 1176- 26 Nollaig, 1242 ). Ba dhuine mór le rá é in ionradh na Normannach ar Éirinn sa 12ú haois, agus chruthaigh an rí Eoin Shasana é ina Iarla Uladh sa bhliain 1205.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1176 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 1242 (Féilire Ghréagóra) 65/66 bliana d'aois Cúige Laighean ![]() |
Áit adhlactha | Prióireacht Llanddewi Nant Hodni ![]() |
Tréimhse ama | Glúin an 13ú aois agus glúin an 12ú aois |
Eile | |
Teideal uasal | Cunta ![]() |
Athair | Hugh de Lacy, Tiarna na Mí agus Rohese Trefynwy |
Siblín | Walter de Lacy, Tiarna na Mí |
Dún
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e4/Lacy_arms.svg/320px-Lacy_arms.svg.png)
Ba é de Lacy an mac ab óige le Hugh de Lacy, Tiarna na Mí, duine de shliocht Gautier de Lacy, a chuaigh go Sasana tar éis choncas na Normannach. Timpeall na bliana 1189, ceapadh é mar fear ionaid an rí in Éirinn, post a bhí ag a athair roimhe seo. Sa bhliain 1190, tháinig Guillaume le Petil ina áit. Athcheapadh é ina dhiaidh sin chun fónamh mar leasrí ó 1205 go 1210.