Iúpatar (pláinéad)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Iúpatar an cúigiú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus an ceann is mó de na pláinéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phláinéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.
Iúpatar | |
---|---|
Cineál | pláinéad lasmuigh, fathach gáis agus superior planet (en) |
Eapainm | Iúpatar |
Réad tuismitheora | An Ghrian |
Réad linbh | Metis Adrastea Amailtia Thebe Io Europa Ganymede Callisto Themisto (en) Leda (en) Himalia Lysithea (en) Elara Dia (en) Carpo (en) S/2003 J 12 (en) Euporie (en) Eupheme (en) S/2003 J 18 (en) S/2011 J 1 (en) Jupiter LII (en) Thelxinoe (en) Euanthe (en) Helike (en) Orthosie (en) Iocaste (en) S/2003 J 16 (en) Praxidike (en) Harpalyke (en) Mneme (en) Hermippe (en) Thyone (en) Ananke (en) Herse (en) Aitne (en) Kale (en) Taygete (en) S/2003 J 19 (en) Chaldene (en) Philophrosyne (en) S/2003 J 10 (en) S/2003 J 23 (en) Erinome (en) Aoede (en) Kallichore (en) Kalyke (en) Carme Callirrhoe (en) Eurydome (en) S/2011 J 2 (en) Pasithee (en) Jupiter LI (en) Kore (en) Cyllene (en) Eukelade (en) S/2003 J 4 (en) Pasiphae Hegemone (en) Arche (en) Isonoe (en) S/2003 J 9 (en) Eirene (en) Sinope (en) Sponde (en) Autonoe (en) Megaclite (en) S/2003 J 2 (en) rings of Jupiter (en) main ring (en) halo ring (en) gossamer rings (en) S/2016 J 1 (en) S/2017 J 1 (en) 8241 Agrius Valetudo (en) Pandia (en) Ersa (en) S/2017 J 9 (en) S/2017 J 7 (en) S/2017 J 2 (en) S/2017 J 5 (en) S/2017 J 8 (en) S/2017 J 3 (en) S/2017 J 6 (en) 46P/Wirtanen S/2003 J 24 (en) Cóiméad Shoemaker-Levy 9 |
Aois | J2000.0 |
Sonraí fithiseacha | |
Apaipsis | 5.4581 AU ↔ An Ghrian 816,001,807 km |
Pearaipsis | 4.95043 AU ↔ An Ghrian (arg (ω): 273.867) 740,679,835 km (arg (ω): 273.867) |
Ais mhór a | 5.20336301 AU[1] agus 778,112,020 km[2] |
Éalárnacht e | 0.04839266[3] |
Tréimhse fhithiseach P | 4,332.589 d[4] |
Tréimhse shionodúil | 398.88 d |
Meán-Aimhrialtacht M | 20.02 °[5] |
Claonadh i | 1.304 °[6] |
Fad an nóid éirithigh Ω | 100.47390909 °[7] |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Fad ón Domhan | 588,000,000 km (peirigí) 967,000,000 km (apaigí) |
Ga | meánchiorcal: 71,492 km[8] meán: 69,911 km[9] molach: 66,854 km[9] |
Trastomhas | 142,984 km[10] |
Leacú | 0.06487[8] |
Dearbhmhéid | −9.4 |
Méid dhealraitheach (V) | −1.6 (banda V) −2.94 (banda V) |
Achar dromchla | 62,179,600,000 km²[5] |
Mais | 1,898,190 Yg[8] agus 1 M_J |
Toirt | 1,431,280,000,000,000 km³[5] |
Meándlús | 1,326 kg/m³[8] |
Imtharraingt dromchla | 23.1 m/s²[5] |
Dronairde (α) | 17h 52m 13.68s[5] |
Diallas (δ) | 64° 29′ 45.6″[5] |
Ailbéideacht | 0.343 (ailbéideacht Bond) 0.538 (ailbéideacht gheoiméadrach) |
Cuid de | grianchóras lasmuigh |
Le cuid |
Is pláinéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. Hidrigin (90%) agus héiliam (10%) ar fad atá sa phláinéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108 °C an mheánteocht atá ann.
Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm radaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn.