Iarmhairt an chéad chogaidh domhanda
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, tharla athrú as cuimse ar chúrsaí polaitíochta, cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta ar fud na hEoráise (an Eoraip agus an Áise), san Afraic, agus fiú i limistéir taobh amuigh díobh siúd a bhí rannpháirteach go díreach ann. Chlis ceithre impireacht mar gheall ar an cogadh, cuireadh deireadh le sean-tíortha , cuireadh cinn nua ar bun, atarraingíodh teorainneacha, bunaíodh eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ghlac go leor idé-eolaíochtaí nua agus sean seilbh dhaingean in intinn na muintire.
Bhí tionchar ag an Chéad Chogadh Domhanda freisin ar chlaochlú polaitiúil an chuid is mó de na príomhpháirtithe a bhí páirteach sa choimhlint, len iad a athrú ina ndaonlathaí toghchánacha trí neas-cheart vótála na bhfear uile a thabhairt don chéad uair sa stair, mar shampla, sa Ghearmáin (toghchán chónaidhm na Gearmáine, 1919) , san Bhreatain Mhór (toghchán ginearálta na Ríochta Aontaithe, 1918), agus sa Tuirc (toghchán ginearálta na Tuirce, 1923).]]