Inscríbhinní Bir el Qutt
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá i gceist le hInscríbhinní Bir el Qutt (Seoirsis: ბირ ელ ყუტის წარწერები) ná an scríbhneoireacht is faide siar sa tSeoirsis dá bhfuil teacht uirthi. Tá siad scríofa sa chóras scríofa ársa sa teanga úd ar a dtugtar Asomtavruli. Seandálaí Iodálach darbh ainm Virgilio Canio Corbo a tháinig orthu le linn tochailtí sa bhliain 1952[1] Cé gurb in iarsmaí mainistir Sheoirseach a fuarthas iad, ní sa tSeoirsia féin a bhí an mhainistir, ach in aice Bir el Qutt, sa Ghaineamhlach Iúdáiach, 6 km soir-ó dheas ó Iarúsailéim agus 2 km ó thuaidh ó Bheitheal.[2] Tá na hinscríbhinní suite in urlár mósáicí.[3][4][5] Rinneadh dhá cheann de na hinscríbhinní sa bhliain AD 430 agus an tríú ceann sa bhliain AD 532.[6][7]
Cineál | déantán seandálaíochta agus mósáic |
---|---|
Teanga | an tSeoirsis |
Peadar Ibéarach, fealsamh agus prionsa ríoga Seoirseach, a thóg nó a atóg an mainistir inar thángthas ar na hinscríbhinní. Tá seisean agus a athair luaite i gceann de na hinscríbhinní.[8][9] Tá Bacurius Ibéarach luaite sa dara hinscríbhinn a bhfuil teacht uirthi inniu; ceaptar gur b'fhéidir gur athair mór do Pheadar atá i gceist.[10]
Coimeádtar na hinscríbhinní san iarsmalann san Studium Biblicum Franciscanum in Iarúsailéim.[11] Tá inscríbhinn 2, ina luaitear Peadar Ibéarach, ar iarraidh faoi láthair.[12]