An Iodáil
tír i ndeisceart na hEorpa / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tír i ndeisceart na hEorpa í an Iodáil (Iodáilis: Italia) nó Poblacht na hIodáile (Iodáilis: Repubblica Italiana) le thart ar 60 milliún duine ina gcónaí inti. Is ballstát den Aontas Eorpach í. Tá cruth buataise ar an leithinis, an chuid is mó den tír, agus is cuid den tír iad freisin an dá oileán is mó sa Mheánmhuir, an tSicil is an tSairdín. Tá teorainneacha aici leis an Ostair, an bhFrainc, an Slóivéin, agus an Eilvéis sa tuaisceart. Tá na h-iamhchríocha San Mairíne agus an Vatacáin istigh san Iodáil. Usáideann siad an euro. Is í an Róimh príomhchathair na hIodáile.
An Iodáil | |||||
---|---|---|---|---|---|
Repubblica Italiana (it) Italia (it) | |||||
|
|||||
Aintiún | Il Canto degli Italiani | ||||
Mana | «luach ar iarraidh» | ||||
Ainmnithe in ómós | An Iodáil Rómhánach | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | An Róimh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 58,850,717 (2023) | ||||
• Dlús | 194.83 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Iodáilis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Eoraip an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Aontas Eorpach Deisceart na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 302,068 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Aidriad, Muir Thoirian, Muir Iónach, Muir Liogúrach agus An Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Mont Blanc (4,808.72 m) | ||||
Pointe is ísle | Contane (en) (−3.44 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht na hIodáile | ||||
Cruthú | 18 Meitheamh 1946 | ||||
Saoire phoiblí | Lá Caille (1 Eanáir) Eipeafáine (6 Eanáir) Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ) Anniversary of the liberation of Italy (en) (25 Aibreán) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Festa della Repubblica (en) (2 Meitheamh) Ferragosto (en) (15 Lúnasa) Lá Fhéile na Naomh Uile (1 Samhain) An Nollaig (25 Nollaig) Lá Fhéile Stiofán (26 Nollaig) Féile Mhuire gan Smál (8 Nollaig) Cáisc (22 Márta) | ||||
Éarlamh | San Proinsias Assisi agus Naomh Caitríona Siena | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na hIodáile | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na hIodáile | ||||
• Uachtarán na hIodáile | Alcide De Gasperi (1946–1946) | ||||
• Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile | Giorgia Meloni (2022–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach um Achomharc | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 2,114,355,756,914 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .it | ||||
Glaochód | +39 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 113, 115 agus 118 | ||||
Cód tíre | IT | ||||
Cód NUTS | IT | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | italia.it |
Tá áit an-tábhachtach aici sa stair 'Iartharach'; is san Iodáil a rugadh sibhialtacht na nEitriuscach agus sibhialtacht na Gréige Móra; Impireacht na Róimhe; poblachtaí muirithe na Meánaoise; an fhealsúnacht dhaonnachach; agus an Renaissance. Tá an Iodáil ina tír aontaithe ó 1861, tar éis an Risorgimento ar dhírigh Ríocht na Sairdíne é, agus tá sí ina poblacht ó cuireadh ar ceal an mhonarcacht i reifreann sa bhliain 1946. Tá sí ar cheann de na sé stát a bhunaigh an Comhphobal Eorpach sa bhliain 1957, agus den aon stát déag a bhunaigh an limistéar eoró sa bhliain 1999.