![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b2/Centre_Block_-_Parliament_Hill.jpg/640px-Centre_Block_-_Parliament_Hill.jpg&w=640&q=50)
Ionsaí Ottawa (2014)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla Ionsaí Ottawa ar an 22 Deireadh Fómhair 2014. Léim fear amach as gluaisteán i lár na cathrach, agus scaoil sé urchar trí bhrollach garda ag séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte in Ottawa, príomhchathair Cheanada.[1] Fuair an garda bás tamaill ina dhiaidh.
| ||||
Cineál | fusillade (en) ![]() dúnmharú ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 22 Deireadh Fómhair 2014 ![]() | |||
Suíomh | National War Memorial, Ontario (en) ![]() Centre Block, Ontario (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Ceanada ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | sibhialtach ![]() | |||
Líon básanna | 2 ![]() | |||
Líon gortaithe | 3 ![]() | |||
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/94/War_monument_%28Ottawa%29.jpg/640px-War_monument_%28Ottawa%29.jpg)
Thiomáin an fear gunna leathchiliméadar siar go Tithe na Parlaiminte. Bhrúigh sé a bhealach isteach trí dhoras iontrála a bhí faoi dhianslándáil, agus lámhaigh sé garda agus duine eile (gortaíodh iad) sular mharaigh garda eile an sceimhlitheoir.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/27/March_of_Hearts_crowd_on_Parliament_Hill_2004.jpg/640px-March_of_Hearts_crowd_on_Parliament_Hill_2004.jpg)
'Sé t-ainm a bhí ar an sceimhlitheoir ná Michael Zehaf-Bibeau, fear a d'fhás suas i gCeanada. Ní raibh ach raidhfil seanfhaiseanta aige agus comhchoirithe ar bith. Andúileach drugaí ab ea é, ar saobhchiall agus meabhairghalar air,[2] agus níorbh aon díograiseoir creidimh é i ndáiríre.[3]