scríbhneoir agus cumadóir Fraincise From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir, fealsamh, is cumadór, ab ea Isabella Agneta Elisabeth van Tuyll van Serooskerken, nó Isabelle de Charrière, nó Belle van Zuylen, a labhair Fraincis san ochtú haois déag. Scríobh sí litreacha, (féin) portráidí, fabhalscéalta, gearrscéalta, úrscéalta,[1] paimfléid, drámaí, ceoldrámaí (libretti agus ceol) agus chum sí amhráin agus sonataí méarchláir freisin. Le linn a saoil, léirigh roinnt saineolaithe meas mór uirthi as a cuid oibre nach raibh ar fáil go forleathan don phobal (mar go raibh uirthi íoc as a fhoilsithe í féin (seachas Caliste, a cuireadh i gcló i bPáras). Bhí aistriúcháin le feiceáil i nGearmáinis agus i mBéarla le linn a saoil. Bhí roinnt saothar le feiceáil i nGearmáinis seachas i bhFraincis.[2]
(1766) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (nl) Isabella Agneta Elisabeth van Tuyll van Serooskerken 20 Deireadh Fómhair 1740 Slot Zuylen, An Ísiltír |
Bás | 27 Nollaig 1805 65 bliana d'aois Colombier |
Faisnéis phearsanta | |
Teanga dhúchais | an Fhraincis agus an Ollainnis |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Colombier Páras An Ghinéiv Zuilen |
Gairm | aistritheoir, drámadóir, file, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, cumadóir, úrscéalaí, fealsamh |
Ainm cleite | Belle de Zuylen Abbé de la Tour |
Teangacha | An Fhraincis, an Ghearmáinis, Béarla agus an Ollainnis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Charles Emmanuel de Charrière de Penthaz (1771–) |
Athair | Diederik Jacob van Tuyll van Serooskerken agus Jacoba Helena de Vicq |
Duine suntasach ina ham, chas sí leis an bhfealsamh Denis Diderot,[1] sa Háig i 1774. Rinne Germaine de Staël cuairt uirthi i Colombier, An Eilvéis in 1792 is 1793. Scríobh Isabelle freagra do leabhar de Staël faoi Jean-Jacques Rousseau, is scríobh sí glámh 'Courte réplique à l'auteur d'une longue réponse " i 1789.[3]
Tar éis a báis, in amanna athfhoilsíodh a leabhair, ach ní go minic.[4] Phléigh an criticeoir Francach Sainte-Beuve iad sna blianta 1839-1845. Tar éis fiche bliain de thaighde, d’fhoilsigh Philippe Godet ón Eilvéis beathaisnéis fhairsing fúithi i 1906. I 1908, thiomnaigh Marie Loke, an chéad léachtóir mná san Ísiltír a léacht tionscnaimh pearsanra Les débuts du roman personnel: Madame de Charrière et son oeuvre chuig Belle van Zuylen. Níos déanaí san fhichiú haois, bhain Belle van Zuylen cáil amach trí léirmheasanna agus aistriúcháin, go háirithe nuair a scríobh Simone Dubois agus a fear céile Pierre Dubois fúithi ó 1969 ar aghaidh. Foilsíodh saothair bhailithe Van Zuylen i bhFraincis idir 1979 agus 1984 ag an teach foilsitheoireachta Van Oorschot in Amstardam.
Rugadh Isabelle i Utrecht í ar an 20ú Meán Fómhar 1740, agus fuair sí bás ar an 27ú Nollag 1805, san Eilvéis.[5][6]
Foilseacháin chriticiúla de na téacsanna bunaidh
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.