![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/ed/Newry_Townhall_-_geograph.org.uk_-_1476695.jpg/640px-Newry_Townhall_-_geograph.org.uk_-_1476695.jpg&w=640&q=50)
Iúr Cinn Trá
cathair i gContae an Dúin / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Iúr Cinn Trá nó Cathair an Iúir an ceathrú cathair is mó i gCúige Uladh de réir daonra, i ndiaidh Bhéal Feirste, Dhoire Choilm Cille agus Lios na gCearrbhach. Tá an chathair suite ar bhruach na habhann ar a dtugtar 'An Rí', le taobh amháin i gContae Ard Mhacha agus an taobh eile i gContae an Dúin. Tá tuairim agus 28,000 duine ina gcónaí ann (pobal an tSrutháin san áireamh). I ndeisceart Chontae an Dúin/Chontae Ard Mhacha atá sé, agus é timpeall 76 km ó Bhéal Feirste agus 84 km ó Bhaile Átha Cliath.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Newry (en) Iúr Cinn Trá (ga) ![]() | ||||
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) ![]() | Newry, Mourne and Down (en) ![]() ![]() | |||
Príomhchathair de | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Glaochód | 028 ![]() |
Bunaíodh é sa bhliain 1144 in aice le mainistir Chistéirseach.
Bhronn Muirechertach Mac Lochlainn, Rí Chineál Eoghain agus Ardrí Éireann (c. 1154 - 1156), breis talún ar na Cistéirsigh le Chairt nó Donatio, rud a rinne sé tar éis dó dul i gcomhairle le Mael Maedoc, Easpag Ard Mhacha. Tá an cháipéis sin ar taispeáint in Iarsmalann na Cathrach.
Chuaigh fás ar Iúr Cinn Trá mar bhaile margaidh agus garastúin, agus rinneadh longphort de sa bhliain 1742 nuair a nasc an chéad chanáil in Éirinn le Loch nEathach é. I Mí Mhárta 2002 d'fhógair an Bhanríon Eilís II Iúr Cinn Trá ina chathair.
Áirítear Ardeaglais Chaitliceach Iúr Cinn Trá agus Halla na Cathrach ar mhórfhoirgnimh na cathrach. Tá iarsmalann agus ionad éalaíon ann freisin. Díol spéise é Halla an Bhaile mar gur tógadh é os cionn na habhann atá ina críoch ag Contae an Dúin agus ag Contae Ard Mhacha.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/ga/thumb/b/b1/Halla_an_Bhaile%2C_I%C3%BAr_Cinn_Tr%C3%A1.jpg/640px-Halla_an_Bhaile%2C_I%C3%BAr_Cinn_Tr%C3%A1.jpg)
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/ga/thumb/a/ac/Marcus_Sq_Newry.jpg/320px-Marcus_Sq_Newry.jpg)