Jacques Labillardière
luibheolaí Francach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Luibheolaí Francach ba ea Jacques-Julien Houtou de La Billardière (28 Deireadh Fómhair 1755 – 8 Eanáir 1834).
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Jacques-Julien Houtou de La Billardière |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 28 Deireadh Fómhair 1755 Alençon, An Fhrainc |
Bás | 8 Eanáir 1834 78 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Áit adhlactha | Reilig Père-Lachaise, 41 Grave of Houtou de La Billardière (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Montpellier |
Áit chónaithe | an Fhrainc |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Luibheolaíocht |
Gairm | luibheolaí, taiscéalaí |
Fostóir | Jardin des plantes (en) |
Ball de | |
Teangacha | An Fhraincis |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1791 | Entrecasteaux expedition (en) |
Saothar | |
Giorrúchán luibheolaíochta | Labill. |
Rugadh é in Alençon, áit a bhfuair sé scolaíocht sa choláiste, agus rinne sé staidéar ar an leigheas in Montpellier, mar a ndearna sé cúrsa luibheolaíochta. Fuair sé dochtúireacht leighis i bPáras sa bhliain 1780 agus dhírigh a aird ar an nádúr as sin amach, ag taisteal nó ag déanamh taighde.[1]
Bhain sé amach Sasana ar dtús, mar a ndearna staidéar faoi threoir an Ridire James Edward Smith (1759-1828) agus an Ridire Joseph Banks (1743-1820) ar na luibheanna a bailíodh ar fud an domhain le linn thuras deireanach James Cook.[2]
Nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc chuaigh sé leis ag bailiú luibheanna in éineacht le heolaithe éagsúla faoi shléibhte Dauphiné agus ansin faoi Alpa Phíodmant.