From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba scríbhneoir agus polaiteoir Albanach é James Macpherson nó Seumas Mac a' Phearsain (27 Deireadh Fómhair 1736 i Ruadhainn, Gaeltacht na hAlban - 17 Feabhra 1796). Tá clú air mar "aistritheoir" ar fhilíocht Ossian.[1]
Ó 1753 amach chuaigh sé ar Choláiste an Rí in Obar Dheathain agus ansin ar Ollscoil Dhún Éideann. Ag an am sin, thosaigh sé ag scríobh filíochta, mar shampla The Highlander i 1758, ach ní raibh mórán de foilsithe.
Tháinig cáil air mar gheall ar an "aistriúchán" ar Fragments of Ancient Poetry, foilsithe ag Hugh Blair i 1760. Tháinig na leabhair Fingal, an Ancient Epic Poem in Six Books (1761), Temora (1763) agus The Works of Ossian (1765) amach tar éis sin. Fuaireadar clú mar obair de chuid an amhránaí Ghaelaigh Ossian. Bhíothas den tuairim gur bhailiúchán de bhéaloideas ársa a bhí iontu, a d'aimsigh Macpherson i nGaeltacht na hAlban agus sna hOileáin Siar. Bhí na leabhair aistrithe chuig theangacha Eorpacha eile, agus thaitin siad leis an lucht léitheoireachta ansin. Leis an tsuim a bhí in Ossian, d'athraigh an t-ainm ar Ghaeilge na hAlban ó "Erse" go "Gàidhlig".[2]
Tharla conspóid mhór maidir le hOssian agus cé chomh fírinneach a bhí obair Macpherson. Inniu, táthar den tuairim gurbh é Macpherson féin a scríobh an fhilíocht.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.