Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha (21 Feabhra)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha sa bhliain 2008 le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Roghnaíodh an 21 Feabhra in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis sa bhliain 1952.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Ainmnithe in ómós | teanga dhúchais |
Comóireann sé | teanga dhúchais |
Bailíocht | 2000 - |
Lá | 21 Feabhra |
Fógairt | 17 Samhain 1999 |
Eagraí | na Náisiúin Aontaithe agus EOECNA |
Suíomh gréasáin | un.org… |
Dún
Leagann Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) béim faoi leith ar fhorbairt an oideachais ilteangaigh ar fud an domhain ar an lá seo.[2]
Bítear ag súil go gcuirfear cainteoirí mionteangacha in aithne dá chéile ar fud an domhain le linn an fheachtais agus go n-ardófar feasacht ar theangacha atá i mbaol báis.