súil-lia agus teangeolaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Súil-lia agus teangeolaí ab ea an Dr Ludwik Lejzer Zamenhof (Ludwik Łazarz) (Gaelaithe mar L.L.Samanóf), a bhaist an teanga idirnáisiúnta Esperanto, "teanga an dóchais".
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
GiúdachPolannach ab ea Zamenhof. Chuir an tsíorchoimhlint de dheasca míthuisceana bunaithe ar éagsúlacht na dteangacha, ina chathair dhúchais, Bialystok, isteach go mór air agus é ina pháiste óg. Cathair an-ilteangach ba ea Bialystok: de réir dhaonáireamh na bliana 1897, seo mar a bhí catagóirí an daonra: Giúdaigh 66%, Polannaigh 18%, Rúisigh 8%, Gearmánaigh 6%, Béalarúisigh 2%. Mar sin bhí cúig theanga le cloisteáil go laethúil sa chathair, nach raibh mórán thar 30,000 duine ina gcónaí inti an tráth sin.