![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c5/National_Library_of_Wales.jpg/640px-National_Library_of_Wales.jpg&w=640&q=50)
Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige (Breatnais: Llyfrgell Genedlaethol Cymru; IPA: ˈɬəvrgeɬ geneˈdlaɪθol kəmˈrɪ) suite in Aberystwyth. Bunaíodh i 1907 é. Coimeádann an leabharlann níos mó ná 4 milliún leabhar agus tá 30,000 lámhscríbhinn ann atá tearc agus luachmhar.
Fíricí Gasta WD Bosca Sonraí Foirgneamh, Lipéad sa teanga dhúchais ...
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() | ||||
Lipéad sa teanga dhúchais | (cy) Llyfrgell Genedlaethol Cymru | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Leabharlann náisiúnta, cartlann, Welsh Government sponsored body (en) ![]() | |||
Foirgníocht | 1907 ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Ceredigion, Wales | |||
Suíomh | National Library of Wales, Penglais Road, Aberystwyth, SY23 3BU | |||
| ||||
Le cuid | Drwm | |||
Gníomhaíocht | ||||
Bunaitheoir(í) | Sir John Williams | |||
Oibreoir | Rialtas na Breataine Bige | |||
Líon fostaithe | 223 (2017) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | library.wales | |||
Dún
I measc na leabhar clúiteach, tá an chéad leabhar a bhí scríofa sa Bhreatnais ann, foilsithe i 1546.[1] Tá an chéad aistriúchán ar an mBíobla, ón bhliain 1588, le feiceáil freisin. Feictear lámhscríbhinní mar Leabhar Dubh Caerfyrddin (Breatnais: Llyfr Du Caerfyrddin), an ceann is sine (timpeall is 1250) scríofa go hiomlán sa Bhreatnais,[2] agus Leabhar Taliesin (Breatnais: Llyfr Taliesin) le filíocht as an 14ú haois.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/1c/Hywel_Dda.jpg/200px-Hywel_Dda.jpg)