Limficít
From Wikipedia, the free encyclopedia
Saghas cill bhán fola ar leith (leocaicít) a bhíonn i láthair sa bhfuil, na soithigh limfeacha, agus fíocháin eagraithe liomfóideacha (an liathán, na nóid limfeacha, mar shampla).
Cuid de | córas limfeach |
---|---|
Aitheantóirí | |
MeSH | D008214 |
TH | H2.00.04.1.02002 |
FMA | 62863 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/lymphocyte |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Rangaítear na limficítí mar limficítí B (cealla B) a dhíorthaítear ó smior na gcnámh, agus limficítí T (cealla T) a dhíorthaítear ón tímeas.
Aibíonn limficítí B sa smior, agus cuimsíonn siad na hábhair a chruthaíonn cealla an phlasma, táirgtheoirí na n-antasubstaintí. Aibíonn limficítí T sa tímeas ó chealla réamhtheachtaire a rinne imirce ó smior na gcnámh, agus a fhéadfaidh cabhrú (cealla T cabhraithe) nó cosc a chur (cealla T coiscthe) le cealla T.
Cuimsíonn limficítí T réamhtheachtairí cealla T cíteatocsaineacha freisin, a mharaíonn cealla atá ionfhabhtaithe le víris go díreach, gan aon antasubstaintí a bheith i gceist.
An uireasa imdhíonach a fheictear in ionfhabhtú le SEIF, de réir dealraimh, éiríonn sí thar aon rud eile ó chailliúint cealla T cabhraithe de bharr ionfhabhtú roghnach cealla T ag an víreas agus a scrios iarmharach.[1]