Luibh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is luibh ann ná planda nó fás gan stoc adhmaid (mar atá i gcrann nó i dtor); aon phlanda a úsáidtear le haghaidh blaistithe, bia, leighis, nó cumhráin. Sa chócaireacht, de ghnáth, déantar idirdhealú idir luibheanna ó chodanna glasa duilleacha an phlanda (ceachtar acu, úr nó triomaithe), agus "spíosra", táirge ó chuid eile den phlanda (a bhíonn, de ghnáth, triomaithe), lena n-áirítear síolta, caora, coirt, fréamhacha agus torthaí.
Baintear úsáid éagsúla as luibheanna, lena n-áirítear cócaireachta, míochaine, agus i roinnt cásanna, feidhmeanna spioradálta. Bíonn difríocht in úsáid ghinearálta an téarma "luibh", idir luibheanna cócaireachta agus luibheanna íocshláinte. San úsáid leighis nó spioradálta, d'fhéadfadh aon cheann de chodanna an phlanda a bheith curtha san áireamh mar "luibheanna", lena n-áirítear duilleoga, fréamhacha, bláthanna, síolta, roisín, coirt fhréimhe, coirt istigh (agus cambiumsoithíoch), caora agus uaireanta an peireacarp nó codanna eile de chuid an phlanda.