Lus na stalóg
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tom íseal síorghlas a dhéanann mata ar an talamh, dúchasach do mhóinteach Artach sa leathsféar thuaidh. Na duilleoga 1-2 cm ar fhad, éilipseach nó le leithead uasmhéideach os cionn an láir, dúghlas ar barr is mílítheach faoina mbun. Na bláthanna cromtha, 4-6 mm ar leithead, beagnach cruinneogach, bán le himir bhándearg. Na caora cruinn snasta.[1]