Máthair Treasa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bean rialta Chaitliceach ba ea Máthair Treasa nó Agnesë Gonxhe Bojaxhiu (26 Lúnasa 1910 – 5 Meán Fómhair 1997). Chaith an Mháthair Treasa a saol ag cabhrú leis na bochtáin, i gCalcúta ar dtús, agus ansin in áiteanna eile ar fud an domhain.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (sq) Anjezë Gonxhe Bojaxhiu 26 Lúnasa 1910 Scóipé (an Impireacht Otamánach) |
Bás | 5 Meán Fómhair 1997 87 bliana d'aois Calcúta, An India |
Siocair bháis | Cliseadh croí |
Áit adhlactha | Mother House Of The Missionaries Of Charity (en) |
Superior general (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Áit chónaithe | Scóipé Ráth Fearnáin Calcúta |
Teanga dhúchais | an Albáinis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | siúr |
Teangacha | An Albáinis, Beangáilis, Béarla, an Hiondúis, an tSeirbis agus an tSlóivéinis |
Ardú | |
| |
Lá féile | 5 Meán Fómhair |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Nikollë Bojaxhiu |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | motherteresa.org |
Dún
Bhunaigh sí Misinéirí na Catharnachta i gCalcúta na hIndia sa bhliain 1950.[1] Faoi am na 1970idí bhí clú agus cáil uirthi, ach go háirithe nuair a craoladh clár faisnéise agus a foilsíodh leabhar, Something Beautiful for God le Malcolm Muggeridge.
Is é “Naomh na mBocht” an leasainm atá uirthi.[2][3] Tá a cuid oibre á leanúint ar aghaidh i 87 tír ar fud an domhain.[4]