Maigh Sheola
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tuath sna Connachta na meánaoise ba ea Maigh Sheola, aitheanta fosta mar Uí Bhriuin Seola.
Bhíodh a cuid tailte suite le taobh bhruach thoir Loch Coirib i gContae na Gaillimhe. Ar a teorainn thoir, bhíodh Soghain, do-thuath Uí Maine. Shíneadh í go garbh ó Dhroichead an Chláirín ó dheas go dtí Cnoc Meadha ó thuaidh.
De shliocht Uí Bhriúin Sheola ba ea a taoisigh ar a gaistí sna hannála idir "rí Uí Briúin" agus "rí deisceart Chonnacht". Den chlann a d'éirigh ina Clann Cosgraigh ba ea na ríthe is luaite a bhfuil taifid. Níos deireanaí, ámh, tháinig chun cinn ríthe den chlann a d'éirigh ina Muintir Murchadha, faoina taoisigh Uí Fhlaithbheartaigh.
Bhíodh Muintir Murchadha lonnaithe ag Loch Cime go dtí gur chuir ionsaí de Burgo an ruaig orthu siar sa 13ú haois. De réir an staraí den 17ú haoise Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, measadh gur de chuid Iar Connacht roimh an ionsaí úd í Maigh Seóla.