From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is maróg gheire ann ná maróg a dhéantar as plúr cruithneachta agus geir (go sonrach, an tsaill amh chrua a fhaightear timpeall na nduán i mbó nó i gcaora), go minic le grabhróga aráin, torthaí triomaithe (ar nós rísíní), torthaí leasaithe eile, agus spíosraí. Bíonn sí bruite, galaithe, nó uaireanta bácáilte.
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | an Ríocht Aontaithe |
Sonraí | |
Cineál | maróg |
Príomh-chomhábhair | geir |
Tá go leor oideas éagsúil ann, idir mhilis agus shaillte. Uaireanta, úsáidtear im nó brioscóir glasra in áit na geire.
Is cineál maróige geire é maróg na Nollag.
Téann an mharóg gheire siar go dtí tús an 18ú haois ar a laghad. Tá oideas do “An excellent Plumb-Pudding” i leabhar cócaireachta le Mary Kettilby dar teideal A Collection of above Three Hundred Receipts in Cookery, Physick and Surgery a foilsíodh in 1714. Is éard atá ann ná “one pound of Suet, shred very small and sifted”, in éineacht le rísíní, plúr, siúcra, uibheacha, agus pinsín salainn; bruitear na comhábhair seo “for four hours at least”.[1][2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.