Meadúsa (miotaseolaíocht)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba arrachtach (Gorgain, le bheith cruinn) i miotaseolaíocht na Gréige í Meadúsa (Gréigis: Μέδουσα "garda, banchosantóir"). Cuireadh síos orthu den chuid ba mó mar fhigiúr baineann sciathánach le aghaidh ghránna agus nathracha nimhe beo in áit gruaige. An té a bhreathnódh go díreach ar a haghaidh, dhéanfadh cloch de. Insan chuid is mó de na foinsí is í iníon Phorcys agus Ceto í.