Mein Kampf
From Wikipedia, the free encyclopedia
Leabhar is ea Mein Kampf (Gaeilge: Mo Streachailt) a scríobh nó a dheachtaigh Adolf Hitler, an deachtóir de bhunadh Ostarach a bhí ina cheannaire ar an nGearmáin le linn ré na Naitsithe sa tír sin. Is é is ábhar don leabhar ná dírbheathaisnéis agus smaointe polaitiúla an údair, nó an idé-eolaíocht Naitsíoch mar atá aithne uirthi inniu.
(de) Mein Kampf (ar) Kifah Hitler (zh) Wo de fen dou (da) Min kamp (nb) Min kamp (sv) Min kamp (en) My battle (fi) Taisteluni (nl) Mijn kamp (fr) Mon combat (hi) Mera sagharsh (it) La mia battaglia (ja) Waga toso (ko) Na ui tujaeng (mk) Mojata borba (mn) Minij te°mce°l (fa) Hatirat-i Hitlir (pt) Minha lutta (pl) Moja walka (ru) Moja bor'ba (sr) Moja borba (sl) Moj boj (es) Mi lucha (cs) Můj boj (tr) Kavgam (hu) Harcom | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Adolf Hitler |
Teanga | an Ghearmáinis |
Foilseachán | München , Poblacht Weimar, 1925 |
Dáta a bunaíodh | 1924 ↔ 1926 |
Foilsitheoir | Franz Eher Nachfolger |
Tréith | |
Príomhábhar | Naitsíochas, Adolf Hitler agus Frith-Sheimíteachas |
Seánra | dírbheathaisnéis, fealsúnacht pholaitiúil agus aoir phoileimiciúil |
Suíomh scéalaíochta | an Ghearmáin |
Taispeánann sé/sí | Adolf Hitler |
Cuid den tsraith | |
Eile | |
Aicmiú Leabharlann Comhdhála | DD247.H5 |
Foilsíodh an chéad imleabhar sa bhliain 1925 agus an dara ceann sa bhliain 1926. Is é is ábhar don chéad imleabhar ná saol Hitler féin, agus an dara himleabhar ag tabhairt cur síos ar an ngluaiseacht Naitsíoch.
- Eine Abrechnung ("Reicneáil" nó "Cuntas") is teideal don chéad imleabhar, agus
- Die nationalsozialistische Bewegung ("An Ghluaiseacht Shóisialach Náisiúnta") atá ar an dara ceann.
Chuidigh Rudolf Hess le Hitler an leabhar a chríochnú, ach ní luaitear mar chomhúdar é in aon eagrán den leabhar. Bhreac Hess agus Emil Maurice an chéad imleabhar síos ó bhéal Hitler nuair a bhí sé i bpríosún.
Scríobh sé an dara ceann nuair a bhí cead a chos aige arís. Rinneadh ceartuithe agus athruithe beaga ar na heagráin nua ó shin i leith, de réir mar a theastódh ó Hitler.
Dheachtaigh Hitler leabhar eile fós le cur síos ar a chuid tuairimí i leith an pholasaí eachtraigh, ach níor foilsíodh an ceann sin riamh i ré an Tríú Reich. Maidir le Mein Kampf, áfach, bhí an-ráchairt ar an gceann sin ó tháinig Hitler i gcumhacht sa Ghearmáin, agus ba nós cóip den leabhar a bhronnadh, abair, ar na lánúineacha nuaphósta.
Thiomnaigh Hitler an chéad imleabhar dóibh siúd a fuair bás le linn cheannairc Bheoirhalla na Saoránach (Bürgerbräukeller) i München sa bhliain 1923, an iarracht réabhlóide ar gearradh téarma príosúin do Hitler mar gheall uirthi. I dtús an dara himleabhar, arís, mhol sé Dietrich Eckart, an foilsitheoir a thug a lán idéanna do Hitler agus a fuair bás cúpla bliain sular chríochnaigh Hitler an leabhar. Bhí urraim mhór ag Hitler d'Eckart agus é buíoch beannachtach as ar fhoghlaim sé ón bhfear seo.