Is é sinsear na clainne é Cárthach, rí Eoghanacht Chaisil king, a fuair bás sa bhliain 1045 de thairbhe tine tí lasaithe d'aon ghnó ag duine Uí Lonargáin (de bhall Dál gCais, céilí comhraic na nEoghanacht). Deargnamhaid an Ardrí, Brian Bóramha, ba é Cárthach. Cuireadh an ruaig ar réamhdhream Mhic Cárthaigh as a cheantar dúchais ar Mhachaire na Mumhan, Contae Thiobraid Árann, de bharr leathadh Uí Bhriain i lár na 12ú haoise.
Bhí beirt mhac, Tadhg agus Cormac, ag Muireadhach mac Cárthaigh (bás 1092). Ghlacadar beirt ainm a seanathair mar shloinne, .i. Mac Cárthaigh. Sa bhliain 1118, críochdheighleadh ríocht na Mumhan i ndá leath, Tuamhain agus Deasumhain, ag Conradh Ghleann Maghair. Rinneadh chéad rí Dheasumhan de Thadhg.
Le cúig aois anuas, bhí an chlann chun cinn sa Mhumhain. Bhí ceithre mhór-ghéag ann;
Mhic Cárthaigh Mhóir, ceann na Fine, i réim i ndeisceart Chiarraí
Mhic Cárthaigh Dhúiche Eala, i gceannas i iarthuaisceart Chorcaí
Choinnigh na clanna is orthu ag troid in éadan chúngach na Normannach agus na Sasanach suas go dtí an seachtú haois déag nuair a chailleadar beagnach gach rud. Mar eisceacht, fuair an chlann White, sliochtaigh Chormaic Láidir Mhic Cárthaigh, le hoidhreacht Caisleán Mhaigh Chromtha. Dódh an caisleán sa bhliain 1922 agus is cuid de chlub gailf inniu é.[1]
Is sa Bhlarna a fhaightear rí-chathaoir Mhic Cárthaigh Mhúscraí. De réir sean-nóis, bronnadh Cloch na Blarnan ar Chormac Mac Cárthaigh, rí Dheasmhumhan, ag rí Roibeard Brús na hAlban, mar bhuíochas as ucht a chuid tacaíochta i mBlàr Allt a' Bhonnaich sa bhliain 1314. Tugadh an tríú Caisleán ar an suíomh ag Diarmaid Mac Cárthaigh (eile) sa bhliain 1446. Bhí cáil ar Dhiarmaid as a solabharthacht, agus dá bharr, an nós go dtuga Cloch na Blarnan bua na cabaireachta ar duine ar bith a phógfadh í.
Tá an-chuid tagairtí do chlann Mhic Cárthaigh Anna hannála, i nAnnála Inis Faithlinn ach go háirithe. Saoirbhreathach (galldaithe mar Justin) ba ea athair Chárthaigh, ainm atá le fáil sa chlann le feadh na gcianta, matáin le Finghin (galldaithe mar Florence, sa ghnáthchaint Flurry).
Bhí an choróin i seilbh Mhic Cárthaigh, de réir tánaisteacht an Fhéineachais suas go dtí scaoileadh na ríochta sa bhliain 1596.
Feictear sin chlann déag mhic Cárthaigh sa King's History of Co. Kerry:
Sliocht Eoghain Mhóir Chois Mainge
Sliocht Cormaic Dunguile
Sliocht Fhinghin Duibh Aird Chánachta
Sliocht Chlann Domhnaill Fhionn
Sliocht Iníon Riddery
Sliocht Domhnaill Bhric
Sliocht Neidín
Sliocht Chlann Taidhg Chiotaigh
Sliocht Chlann Diarmada
Sliocht Chlann Domhnaill Rua
Sliocht Mhic Fhinghin
Tá garghaol idir Mhic Cárthaigh agus roinnt teaghlaigh na Mumhan eile, san áireamh Uí Shuilleabháin, Uí Cheallacháin, Uí Chaoimh, Uí Dhonnchadha agus Uí Dhonnabháin. Bhí luathchlann Mhic Cárthaigh Anna ghlaoiti Mhic Amhlaoibh orthu féin.
Burke, Bernard and Hugh Montgomery-Massingberd, Burke's Irish Family Records, or Burke's Landed Gentry of Ireland. Londain: Burke's Peerage Ltd. 5ú heagrán, 1976.
Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán, 2001.
Cronnelly, Richard F., Irish Family HistoryPart II: A History of the Clan Eoghan, or Eoghanachts. Baile Átha Cliath. 1864.
McCarthy (Glas), Daniel, A Historical Pedigree of the Sliochd Feidhlimidh the MacCarthys of Glean-nacroim, from Carthach, twenty-fourth in descent from Oilioll Olum, (1880; W. Pollard)
O'Brien, Michael J, The McCarthys in Early American History, (1921; Nua-Eabhrac, Dodd, Mead & Company)
McCarthy, Samuel Trant, The MacCarthys of Munster: The Story of a Great Irish Sept, (1922: The Dundalgan Press)