From Wikipedia, the free encyclopedia
Is banna punc-rac ó Seattle é Mill a h-Uile Rud a bhíonn ag canadh i nGaeilge na hAlban. Bunaíodh an fhoireann sa bhliain 2003. Is iad Tim Armstrong (canadh, giotár), Sgrios a h-Uile Rud (canadh, dord), agus Sìne Nic Anndrais (drumaí) ceoltóirí an bhanna. B'as Beinn na Faoghla in Inse Ghall do mháthair Shíne. Is iad na cúrsaí craicinn is ábhar do go leor dá gcuid amhrán, in aithris ar fhilí cosúil le hIain Lom agus Alasdair MacMhaighstir Alasdair fadó. Rinne siad aistriúcháin ar an amhrán Sheena Is A Punk Rocker le Ramones. Murab ionann agus bannaí "Gaelacha" eile, is í Gaeilge na hAlban an t-aon teanga amháin atá á labhairt ag Mill a h-Uile Rud an t-am ar fad, ar an ardán, ar a gcuid dlúthdhioscaí, ar an ionad idirlín, agus sa ghnáthchomhrá.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ensemble ceoil |
Stair | |
Áit ar bunaíodh é | Seattle |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 2003 – |
Seánra | Punc ainrialach agus Scottish Gaelic punk (en) |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.