Milléad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is fine iasc ga-eiteach é an milléad nó an lannach glas (nó liath) (Mugilidae) a aimsítear i ngnáthóga ar an gcósta, in aigéin thrópaiceacha agus mheasartha an domhain agus i gcásanna áirithe aimsítear roinnt speicis i bhfíoruisce freisin.
Fíricí Gasta Mugilidae, Tacsanomaíocht ...
Mugilidae | |
---|---|
Mugil cephalus | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Mugiliformes |
Fine | Mugilidae Cuvier, 1829 |
Dún
Is féidir milléad a aithint toisc a dhá eite droma faoi leith agus a bhéal beag triantánach, ach bíonn easpa an orgáin líne an taoibh aige. Itheann siad drámh, sé sin, substaintí orgánacha neamhbheo, agus bíonn goilí matánacha acu de ghnáth agus faraing choimpléasc a chuidíonn le díleá.