![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d3/Lordi%252C_3-Maj%25C3%25B3wka_2023_19.jpg/640px-Lordi%252C_3-Maj%25C3%25B3wka_2023_19.jpg&w=640&q=50)
Mr. Lordi
amhránaí Fionlannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Rac-cheoltóir Fionlannach is ea Tomi Petteri Putaansuu, nó Mr. Lordi. Saolaíodh i Rovaniemi é ar an 15ú lá de Mhí Feabhra sa bhliain 1974. Tá sé i gceannas ar an mbanna ceoil Lordi, a bhunaigh sé sa bhliain 1996, agus is é an banna seo ba mhó a thabhaigh clú agus cáil dó, ó rug siad bua i gComórtas Amhrán na hEoraifíse sa bhliain 2006.
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (fi) Tomi Petteri Putansuu |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (he) טומי פטרי פוטנסו 15 Feabhra 1974 50 bliana d'aois Rovaniemi, An Fhionlainn ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, cartúnaí, amhránaí is scríbhneoir, file, ceoltóir ![]() |
Tréimhse oibre | 1987 – |
Ball de | |
Seánra | Rac-cheol crua |
Teangacha | Béarla agus an Fhionlainnis |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Sony BMG ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Is é bréagriocht an arrachtaigh an chuid is suntasaí d'íomhá phoiblí Lordi, agus Putaansuu ag déanamh a dhíchill le féachaint chuige nach bhfoilseofaí grianghrafanna de féin ná de bhaill an bhanna ach iad a bheith sa bhréagriocht. San am céanna, is eisean a réitíonn an chuid is mó de chaidreamh poiblí an bhanna. É féin a dhearann na púicíní agus an smideadh.
Bhí Tomi Putaansuu tugtha do Kiss agus do Gene Simmons ó bhí sé óg, agus é an-ghníomhach i gclub lucht adhartha Kiss san Fhionlainn.
I dtús Mhí Lúnasa 2006, phós sé Johanna Askola, a raibh lámh agus focal idir eisean agus ise le fada.