Na Gealáin Thuaidh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is torthaí ar imbhuailtí idir cáithníní gáis inár n-atmaisféar agus cáithníní luchtaithe atá eisteilgthe ó atmaisféar na gréine iad na Saighneáin, nó sa leathsféar thuaidh, na Gealáin Thuaidh, an Chaor Aduaidh nó ‘Aurora borealis’ [1] Is iad ná solais a fheictear thuas sa spéir faoi thionchar na gcáithníní faoi lucht leictreach a bhuaileann réimse maighnéadach an domhain. Cuid den ghrianghaoth iad na cáithníní seo.
Is é is ábhar don leathanach seo ná an feiniméan réalteolaíochta . Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach An Chaor Aduaidh (idirdhealán).
Tá réimse maighnéadach níos laige ag na poil, agus mar gheall ar sin tagann cuid de na cáithníní sin isteach in atmaisféar an domhain agus imbhuaileann siad le cáithníní gáis. Bíonn solas mar thoradh ar na himbhuailtí agus is ar sin a thugaimid na Gealáin Thuaidh.