Na hOileáin Fhilipíneacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír san Áise í Poblacht na nOileán Filipíneach (Filipínis: Republika ng Pilipinas - fuaimnítear an focal ng mar nang). Is í Mainile príomhchathair na nOileán Filipíneach, ach tá 7,641[1] oileán san oileánra Filipíneach, agus tá tailte na n-oileán seo timpeall trí chéad míle ciliméadar cearnach ar achar.
Na hOileáin Fhilipíneacha | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republika ng Pilipinas (tl) Pilipinas (tl) | |||||
|
|||||
Aintiún | Lupang Hinirang | ||||
Mana | «Maka-Diyos, Maka-Tao, Makakalikasan at Makabansa (en) » | ||||
Ainmnithe in ómós | Pilib II na Spáinne | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Manila | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 109,035,343 (2020) | ||||
• Dlús | 317.47 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 26,393,906 (2020) | ||||
Teanga oifigiúil | An Fhilipínis Béarla | ||||
Reiligiún | Caitliceachas, Ioslam agus An Chríostaíocht | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirdheisceart na hÁise | ||||
Achar dromchla | 343,448 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir na Síne Theas, an Mhuir Fhilipíneach agus Muir na Ceilibéise | ||||
Pointe is airde | Mount Apo (en) (2,954 m) | ||||
Pointe is ísle | an Mhuir Fhilipíneach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Comhlathas na nOileán Filipíneach | ||||
1565: Captaincy General of the Philippines (en) 4 Iúil 1901: Rialtas Oileánach na nOileán Filipíneach 15 Samhain 1935: Comhlathas na nOileán Filipíneach 4 Iúil 1946: Tríú Poblacht na nOileán Filipíneach | |||||
Saoire phoiblí | Lá Caille (1 Eanáir) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Déardaoin Mandála (3 lá roimh an Cháisc) Aoine an Chéasta (2 lá roimh an Cháisc) Independence Day (en) (12 Meitheamh) Eid al-Fitr (2 Shawwal (en) ) Eid al-Adha (10 Dhu al-Hijjah (en) ) Bonifacio Day (en) (30 Samhain) Féile Mhuire gan Smál (8 Nollaig) An Nollaig (25 Nollaig) Rizal Day (en) (30 Nollaig) Bataan Day (en) (9 Aibreán) National Heroes' Day (en) (26 Lúnasa) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | government of the Philippines (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil na nOileán Filipíneach | ||||
• Uachtarán na nOileán Filipíneach | Bongbong Marcos (2022–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 394,087,362,017 $ (2021) | ||||
Airgeadra | peso na nOileán Filipíneach | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ph | ||||
Glaochód | +63 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 9-1-1 agus 117 | ||||
Cód tíre | PH | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.ph | ||||
Labhraíonn muintir na nOileán Filipíneach teangacha bundúchasacha a bhaineann leis an bhfine Astrainéiseach. D'fhág daoine de phór Síneach, Spáinneach, Meiriceánach agus Arabach a sliocht ar na hoileáin chomh maith.
B'é Ruy López de Villalobos a d'ainmnigh na hoileáin as an Rí Spáinneach Pilib a Dó. Chuir na Spáinnigh a gcumhacht i bhfeidhm ar na hoileáin sa bhliain 1565, agus mhair an coilíneachas Spáinneach go dtí an Réabhlóid Fhilipíneach sa bhliain 1896. Shealbhaigh na Stáit Aontaithe na hOileáin Fhilipíneacha i ndiaidh Chogadh Mheiriceá agus na Spáinne sa bhliain 1898. Fuair na hOileáin Fhilipíneacha neamhspleáchas mar Phoblacht sa bhliain 1946.
Tá cultúr na bhFilipíneach go mór faoi thionchar an Iarthair. Is é an Caitliceachas an reiligiún is tábhachtaí sna hoileáin, agus labhraítear an Béarla go forleathan. Is teanga oifigiúil é, chomh maith leis an teanga Filipínis, is é sin, an leagan caighdeánaithe den Tagálaigis. Cé go raibh na Spáinnigh i seilbh na n-oileán ar feadh na gcéadta bliain, níl stádas oifigiúil ag an Spáinnis a thuilleadh, agus níl an teanga féin ó dhúchas ach ag dornán beag de dhaoine. Tá na leaganacha fásteangaithe den Spáinnis, ar a dtugtar Chavacano, i bhfad níos tábhachtaí mar ghnáthurlabhraí pobail sna hOileáin Fhilipíneacha ná an Spáinnis chaighdeánaithe.