![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f1/Piero%252C_santa_monaca.jpg/640px-Piero%252C_santa_monaca.jpg&w=640&q=50)
Naomh Muinice
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba Bheirbeireach í Naomh Muinice, a chaith an chuid ba mhó dá saol san Afraic Thuaidh.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 332 (Féilire Ghréagóra) Thagaste ![]() |
Bás | 387 54/55 bliana d'aois Ostia ![]() |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse ama | Low Roman Empire (en) ![]() |
Teangacha | An Laidin, an Phúnais, teangacha na mBeirbeireach agus an Iodáilis |
Ardú | |
Lá féile | 27 Lúnasa ![]() |
Teaghlach | |
Céile | Patricius ![]() |
Páiste | Naomh Agaistín, Perpetua Hippo, Navigius Hippo ![]() |
Cé gur Críostaí a bhí inti, bhí sí pósta le fear págánach níos sine ná í darbh ainm Patricius (Pádraig i nGaeilge, ar ndóigh). Bhí triúr clainne orthu, ach ba é Naomh Aibhistín an duine ba cháiliúla dóibh.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/98/Saint_Augustine_and_Saint_Monica.jpg/640px-Saint_Augustine_and_Saint_Monica.jpg)
Ba chúis imní do Mhuinice an saol a bhí á chaitheamh ag a mac. Uair amháin, chuaigh sí chuig easpag chun sólás a fháil. Nuair a chonaic sé í ag caoineadh uair amháin, dúirt sé léi nárbh fhéidir le mac neamairt a dhéanamh de dheoraí a mháthar.
Thiontaigh Aibhistín ina Chríostaí nuair a bhí sé níos sine. Fuair Naomh Muinice bás gar do Róimh go gearr ina dhiaidh sin sa bhliain 387.
Tá a lá féile ar 4 Bealtaine de réir an fhéilire traidisiúnta ach ar 27 Lúnasa ar nua-fhéilire na hEaglaise.